School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aine Ní Fhágarta do chuir síos
Tomás Ó Fágarta a dearbhrathair (21) ar baile na hAbhann a dinnis dhi é."Go luighe muid le Dia
Is go luighe Dia linn"
"Go luighe muid le muire
Is go luige muire linn ná luighimís leis an olc.
Is nár luighe an t-olc linn
Comhacht ón athair,
Gárda ón mac
Aingeal ón Spiorad Naomh.
Mo chumhdach is mo shádhbháil
Go neirghe mé aríst ar maidin. Amén.
Ceithre phosta ar mo leabaidh
Ceithre aingeal Maitiú Marcus Lúcas agus Seán dhá bfhaireadh
Má fhághaim bás as seo go maidin.
I bhflaitheas Dé go raibh m'anam.Ifrionn dúnta. Purgudóir múchta Flaitheas osgailte Amén.An Té a thug slán ón lá sin
Go dtugaidh Sé slán ón oidhche sinn,
Go dtugaidh Sé slán as chuile ghadh sinn
Go dtugaidh Sé buadh agus treise dhuínn ar ár námhaid.
Agus nár fhághaidh ár námhaid buadh ná treise orainn
Ma'sé toil Dé é. Amén.- Collector
- Áine Ní Fhátharta
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Fágarta
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 21
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway