School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0120
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0120
- XML “An Buachaill Buaidhe Luachra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chaith an buachaill buaidhe luachra a saoghal ag tabhairt aire do bheithidhigh ar an sliabh. Ní fhaca sé sagart ná easbog ariamh. Tháinig smaoineadh chuige lá go dtiocfadh sé chuig an Aifreann. Ghléas sé suas é féin agus chaith sé a chóta mór ar a ghualainn agus d'imthigh leis chuig teach a' phobail. Nuair a tháinig sé isteach, bhí maide greíne ó fhuinneóig go fuinneóig i lár an tséipéil. Chaith sé a chóta air agus choinnigh an maide gréine suas é. Chonnaic an sagart é sin. D'éist an buachaill an tAifreann go raibh sé thart. Bhuail sé amach agus bhí beirt bhan ag comhrádh agus ag cúl-chainnt agus bhí seisean ag éisteacht leo go raibh siad réidh. Bhuail sé abhaile agus chuaidh ag tabhairt aire dhá chuid beithidheach.Chaith sé mar sin go dtí Dia Domhnaigh 'na dhiaidh. Tháinig sé ag an Aifreann. Chaith a chóta ar an maide gréine acht leis an maide gréine ar an urlár é. D'éist sé an tAifreann go raibh sé thart. Bhuail sé amach. Sheas sé ar an spota céadna a raibh sé an Domhnach roimhe sin, ag giall a' gheata. Tháinic an sagart amach go dtí é agus d'fhiafruigh sé dó céard a rinne sé ar a' mbealach ó'n Domhnach roimhe sin. Dubhairt an buachaill nach ndeárna sé tada acht go raibh sé ag éisteacht le beirt bhan ag cúl-chainnt ag geata an tséipéil."Téara abhaile", adeir an sagart, "agus lean go do láimh mar bhí tú ag guidhe Dé agus ag glóiriú Dé." D'imthigh an buachaill buaidhe luachra abhaile agus lean de chomhairle an tsagairt go bhfuair sé bás.
- Collector
- Síle Ní Chonfhaola
- Gender
- Female
- Address
- Indreabhán, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Confhaola
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Indreabhán, Co. Galway