School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0129
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nóra Ní Chuirín do sgríobh sios.
Ó Sean Ó Cuirin as Caorán do fuair mé an seanchus seo.Ins an am fadó ní bhíodh aon sgoil náisiunta aca acht iad ag múnadh i dtighthe agus sna garrdhannta. Bhí scoil ar mo bhaile féin i gCaorán i dtigh Máire Bhreathnach. Máighistir do bhí ag múnadh ins an sgoil sin. Máirtin Ó Briain dob'ainim dón máighistir. Ní mhúinidís aon ádbhair tré Ghaedhilge acht Béarla abhí ar fad aca. Dá gcloisfeadh na muuniteóir ag labhairt aon Ghaedhilge na gasúir bhuailfeadh siad iad. Stróinseara abhí ins an máighisthir seo. Ní bíodh aon teach comhnuidhthe ag an máighistir acht ghabhadh sé abhaile i néindigh le gasúr éigin gach oidhche.
Ní geobhfadh siad aon pháige acht an méid a thiubharfadh na gasúir féin dóibh. Thiubharfadh na gasúir bheaga pingin sa tseachtmhain dóibh agus annsin de réir mar beadh siad ag dul insa na ranganna bheadh siad ag íoc sgilling agus sé pingne.
Bhí teach sgoile ag máighistir eile thuas i Ros a Mhíl
Catháin an sloinne bhí air. Na scolairí ba bh'fhearr dhá raibh ins na scoileanna an tam sin ní bheadh siad acht ins an gceathrú rang. Ní bhíodh peann na cóip-leabhair aca an tam(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chuirín
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Cuirín
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway