School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0141
- XML “Tobairín Ard a' Mhulláin”
- XML “Scoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí dall i gCaorán beag san gCillín
(.i. Parróiste na Ceathrún Ruaidhe). Bhí sí a' brionglóidighe dhá dtéigheadh sí soir treasna an chuain go dtí an tobar go bfuigheadh sí leigheas ann.
D'imthigh sí léi annsin agus tháinig sí isteach san gcuan isteach díreach ar aghaidh an tobair agus chuir sí a láimh san uisge agus chuimil sí ar a súile é agus fuair sí a h-amharc.
Tá leigheas san tobar sin. Tá sé go maith le tinneas cinn agus éalang mar é.- Collector
- Mairghréad Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Sean-sgoil ar an gCaorán . Bhí Páidín
Mac Donnchadha ag múineadh ann.
Sean-sgoil in Indreabhán . Bhí Páidín
Mac Donnchadha ag múineadh ann
Sean-sgoil ar an gCnoc . Mac Nalty
(Sgoil Náisiúnta 1885) Bhí Padhraic
Mac Domhnaill ag múineadh ann.
Sean-sgoil ar an gCoill Ruadh . Bhí
Liam Ó Laighe ("Loy") ag
múineadh ann.
Sean-sgoil ar an Tulaigh . Bhí an
Máistir Mac Taidhg ag múineadh
ann.
Sean-sgoil ar an gCaorán . Bhí an
Máistir Ó Briain ag múineadh ann.
Sean-sgoil i Ros a' Mhíl . Bhí an
Máistir Ó Catháin ag múineadh ann.Béarlóirí do b'eadh iad go léir, agus Béarla is mó bhídís ag múnadh. Acht bhí sgoil Ghaedhilge ar an gCnoc, deirtear. Tháinic sgoláire thart ar an gCoill Ruaidh tráth ag díol láimhsgríbhinní - leabhraíní a raibh sean-amhráin agus seanchas srl ionnta - sin é adeir Micil Ó Culáin (62) Coill Ruadh liom. (TÓS).
Bhí sgoil ag na Protastúin ar an gCaorán ar feadh tamaill agus 'na dhiaidh sin thíos ag an gCaisleán.- Informant
- Colm Ó Diolláin
- Gender
- Male
- Age
- 75