School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Choilm Labhráis agus tá sgealta breághtha aige faoi na Fianna. Tá fear eile ann agus sé an t'ainm atá air Cóil Pháid agus sheasfhá sa sneachta ag éisteacht leis. Tá sgéalta an-bhréagh aige faoi na daoine a mhair in Éirinn fadó, Tá fear eile ann, Maidhc Mhicil Bheartla tá go leór sgéalta agus páidreacha breághtha aige.
Tá sgéal aige i dtaobh Mada Bán na n-Ocht g-Cos agus faoi shean áiteacha a bhí in Éirinn fadó.
Sé Tomás O Coisdealbha an fear is fearr thart san áit seo ag snámh lá amháin dhá raibh sé fhéin agus cúpla fear eile ag baint fheamaine i gcurrachaí do tharraing siad na currachaí suas san gcéibh agus chuaidh siad abhaile chuig a ndinnéar. Nuair a tháinig siad ar ais bhí an téad abhí ag ceangailt ceann go na currachaí briste agus bhí an churrach ruaigthe amach ar an tráigh. Bhí siad i gcruadhchás ní raibh fhios aca céard a b'fhearr dhóibh a dhéanamh. Ní raibh sé de mhisneach ag na fir eile a dul amach. Ach gidh go mba sean-fhear Tom do bhain sé dhó a chuid éadaigh agus chuaidh sé amach agus deirim-se leat gur gearr a thóig sé air a dhul suas leis an gcurrach rug sé ar an rópa a bhí ar cheann an churraigh agus tharraing sé isteach in a dhiaidh sa snámh í, Do rinne sé go leór gaiscí eile mar sin freisin.
Sé Pádhraigh Ó Conghaile an rámhóir is fearr thart san áit seo. Lá amháin dhá raibh sé amuigh leis fhéin ag iasgach ina churrac do rug rón ar an mbaoite a bhí ar an dubhán aige nuair a chuaidh an dubhán(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Fhágharta
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Fáthartaigh
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 22
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway