School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)san rón do thosuigh sé ag tarraingt agus thosuigh Pádhraig ag tarraingt freisin mar do cheap sé gur breac mór abhí ann Do bhí sé na choruidheacht eattora acht ba ghearr a thóig sé ar an rón é a tharraing le fánaidh go raibh sé tarraingthe píosa maith bealaigh aige. Annsin do chuir an rón a chloigeann aníos do sgannruigh Pádhraig agus ghearr sé an dorugha chomh tapaidh agus a b'fhéidir leis.
Nuair a bhreathnuigh sé thairis do sgannruigh sé ní ba mhó nuair a chonnaic sé chomh fada ó bhaile is a bhí sé tarraingthe. Do chas sé an churrac chomh tapaidh is a bfhéidir leis agus ba ghearr a thóig sé ar a dul i dtír.
Seo iad na spealadóirí is fearr thart san áit seo Peadairín Pheadair, Cloch Mhór; Máirtín Sheáin Thaidhg, Indreabhán; Maidhc Mhicil Bhacladh (Bheartla) as Caorán.
Spealadóirí 'Siad na fir seo a bhíodh ag baint fhéir ag gach fear nach mbeadh i ndan é a bhaint lá amháin. Bhíodar ag baint fhéir ag fear a raibh go leór féir le baint aige.Do thosuigh siad ag déanamh gaisge ar maidin cé aca fear ba mhó a bhainfheadh féar agus cé aca ba mhó a mbeadh bainte aige tráthnóna. Do thosuigh gach duine aca i ngarraidhe dhó fhéin a bhí cothrom le chéile agus bhain siad féar freisin acht sa tráthnóna bhí a dhá oiread bainte ag Peadairín Pheadair le aon duine aca do bhain sé dhá acra talmhan go fhéar an lá sin.
Amhránaidhe Sí Máire Ní Scannláin as Ros a'mhíl an bhean is(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Fhágharta
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Fáthartaigh
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 22
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway