School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)n-aithnéochaidh mé é"? adeir an buachaill. "Tá sé fhiacail ann" adeir an máistir. D'imthigh leis an mbuachaill go hIfreann, agus nuair a tháinig sé go dtí an geata thánic a' deabhal amach. D'innis sé a ghraithe do'n deabhal, go raibh sé ag iarriadh an fhir seo a raibh sé fhiacail ann. D'imthigh an dl. leis ag iarraidh fear na sé bhfiacal. Badh ghearr go dtáinic se ar ais arís. "Tá go leor fear annseo a bhfuil sé fhiacail ionnta" adeir an dl., agus níl fhios agam-sa agus níl fhios agam-sa cé acu sin an driotháir atá tusa ag iarraidh."
"To'r'm na fir uileag," adeir an b. leis an dl. "agus baineadh an máistir a dhriotháir asta." Bhí go maith. Nuair a bhí an fear oibre agus na deabhail a bhí in éinfheacht leis an teacht'n gar do theach a máistir dubht. mo dhuine leo tosú ag troidh agus go mb'fhéidir go gcuiridís faitcíos ar an máistir. Thosuigh na dl. ar fad ag troid agus nr. chonnaic na máistir iad sgannruiggh sé agus dubht. sé leis an bhfear iad d'fhágáil in Ifreann ar a amharc agus go dtiubhradh sé meadhchan a inghine d'ór dhó. ("gór - ó ) D'fhág an buachaill ar ais in Ifreann iad agus d'iarr sé meadhchan na hinghine d'ór air. Thug an máistir sin dó agus annsin thosaigh an buachaill ag iarraidh na hinghine air le pósadh. Ní raibh aon fhonn ar an máistir an inghean a thabhairt dó acht dubht. an fear mara dtiubhradh go rachadh sé féin ag iarraidh na ndeabhal arís. Nuair chuala an máistir é sin thug sé an inghean dó. Phós an inghean an fear agus mhaireadar go sása uaidh sin amach.-Séamus Bolustrom- Collector
- Séamus Bolustrom
- Gender
- Male
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Séamus Bolustrom
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway