School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0172
- XML “Mada Bán na nOcht gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)b'óige ach ní raibh leis a' mbeirt eile. Dubht Mada B. na h8 gCos le n-a bhean dá n-innsigheadh sí choidhche cé'n t-ainm a bhí air féin go gcaithfeadh sé féin imtheacht uaithi. Lá amháin bhí an triúr inghean amuigh ag siubhlóid agus bhí siad i bhfad ó'n teach. Bhí na hinghineacha ba shine ag fiafruigh de'n ighin a b'óige cé'n tainm a bhí ar a fear acht ní innseóchadh sí dhóibh é. Rug siad uirthi annsin agus bhí beagnach báidhte acu acht faoi dheire b'éigean di é (a) innseacht. Nr. a tháinic siad ar ais bhí fhios ag M. b. na h-8 gC. go raibh sé innsighthe aici agus dubht sé léi go gcaithfeadh sé féin imteacht uaithe anois mar nach bhféadfadh sé fanacht ní b'fhuide in éinfeacht léi ó d'innis sí an t-ainm a bhí air. D'imthigh m. b. 8 gC. leis ach leann sí é agus nr a bhíodh sise sa ngleann bhíodh seisan ar an árd nr. a bhíodh sise ar an árd bhíodh seisean sa ngleann agus mar sin dóibh go dtáinic an tráthnóna nr. a bhí sé 'na thráthnóna tháinic sí suas leis agus dubht sé léithe nach mbeadh aon mhaith dhi a bheith ghá leanamhaint mar nach bhfanadh sé in éinfheacht léi. Bhí sí ag caoineadh annsin acht ní raibh aon mhaith dhi ann: d'imthigh sé leis ar maidin lá'r na mháireach acht lean sí é. Tháinic sí siar leis arís an dara hoidhche acht bhíodh sé ag rádh an rud céadna léi an oidhche sin agus an oidhche na dhiaidh sin arís. An tríomhadh uair nuair dhúisigh sé ar maidin bhí sise 'na codladh agus d'éaluigh sé uaithi. Nr. dhúisigh sí thosuigh sí ag caoineadh agus bhí sí ag caoineadh go raibh si sáruighthe. Annsin d'imthigh sí léi agus bhí sí ag suibhal go dtáinig(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní Fhatharta
- Gender
- Female
- Age
- 18649
- Informant
- Tomás Ó Fatharta
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway