School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0174
- XML “Mada Bán na nOcht gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An tráthnóna. Chonnaic sí teach beag uaithi agus rinne sí air. Tháinic sí go dtí an teach agus cuaidh isteach ann. Ní raibh istigh roimpe acht sean-bhean. D'innis an bhean óg a sgéal dí ó thús deireadh go tosaigh agus dubht. sise nach raibh aon leigheas aici air. Acht thug si raca beag di agus dubht. sí léi é choinneál mar go mb'fhéidir go dteastóchadh sé uaithi.D'fhan sí sa teach an oidhche sin agus ar maidin lá'r na bháireach d'imthigh sí léi agus bhí ag siubhal agus ag siubhal i gcaitheamh an lae sin go dtáinic an tráthnóna uirthi, agus casadh isteach i dteach beag í indeireadh an lae. Ní raibh isitgh ann roimpi acht sean-bhean díreach mar bhí an tráthnóna roimhe.D'fhiafruigh an t-sean-bhean dí céard a bhí uaithi agus d'innis sí a sgéal .di. "Muise ní maith liom do thrioblóid, a stór," adeir an t-sean-bhean. "Seo siosúirín beag duit agus coinnigh é: b'fhéidir go dteastóchadh sé uait lá is fuid anonn ná indiu." D'fhan an bhean óg sa teach léi go maidin. Ar maidin go mbé d'imthigh sí léi agus dubht. nach ndéanfadh sí stad na staonadh go bhfuigeadh sí tuairisg Mada b. na h-8 gCos.Bhí sí ag siubhal agus ag imtheacht léi ó maidin go tráthnóna agus indeireadh an lae thiar agus í tuirseach traochta casadh go dtí teach beag eile í a bhí istigh i gcoill Sean-chailleach a bhí istigh ann roimpi agus cheistnigh sí sin í mar an dá chailleach eile. Dubhairt an chailleach nach raibh aon leigheas ar a sgéal aici acht go dtiubhradh sí túirne beag di agus go mbéidir go dteastóchadh sé uithi uair éigin.(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní Fhatharta
- Gender
- Female
- Age
- 18649
- Informant
- Tomás Ó Fatharta
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway