School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0176
- XML “Mada Bán na nOcht gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar maidin go moch d’imthigh sí léi go dtáinig sí go dtí cnoncán, áit a raibh fear ann roimpi. D’fhiafruigh sí dhó a’ bhfaca sé a leithéid seo d’fhear ag dul an bealach. Dubht seisn. go ndeacha sé síos faoi’n gcnocán. Chuir an fear a láighe faoin gcnocán agus croch sé é agus chuaidh sí síos. Chonnaic sí teach sgaith’ uaithi agus dubht sí léi féin: “Caithfe gur sa teach seo tá sé anois.”Ní raibh istigh acht sean-chailleach agus cailín beag roimpe. Lá’r na bháireach connaich an bean óg an fear agus é crío[nna?] liath. Bhí iongantas uirthi, mar fear bhreagh óg a bhí ann nr phós sí é. Ba cailleach draoidheachta bhí sa gcailleach agus bhí draoidheacht aici air. An lá seo chonnaic an bean óg an cailín beag agus bhí a cloigeann lán le goiríní. Chíor sí cloigean an cailín leis an raca fuair sí ó’n sean-bhean agus ar an bpoinnte d’fhás folt óir gruaige uirthi. Nr. a chonnaic an tseanchailleach é sin d’fhiafruigh sí de’n chailín cé bhfuair sí an folt óir gruaige agus d’innis an cailín di é. D’iarr an chailleach an raca ar an mbean óg. Dubht. sí go dtiubhradh dá leigeadh sí cead di codladh le na fear. [Bhí draoidheacht ag an tsean-chailleach ar Mhada B. na 8 gCos.] Bhíodh sé ina shean-fhear sa ló agus in ‘fhear óg san oidhche) Dubht an tsean-chailleach go dtiubhradh sí an cead sin di. Nr. a bhí siad imthighthe a choldladh tháinig an tsean-chailleach aníos sa seomra le deoch éicínt ag an bhfear agus ar an bpoinnte is bhí sé ólta aige thuirc suan chodladhta air agus níor dhúisigh sé go dtáinic an tseanchailleach ghá dhúiseacht ar maidin.Lá’r na bháireach chonnaic an bhean óg an cailín beag(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní Fhatharta
- Gender
- Female
- Age
- 18649
- Informant
- Tomás Ó Fatharta
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway