School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Chingcís
"Bíonn an Chingcís uaibhreach
Pádraic 'ac Conghaola (63 Bl) d'innis
Áine Ní Chonfhaola do chuir síosTosuigheann an Chingcis i dtús an tSamhraidh agus seacht seachmhaine a mhaireann sí. De réir ráidhteachas na sean-daoine ní chrochfadh aon bhád a seól taobh amuigh de'n chuan ó'n gcéad lá do'n Chincís go mbeadh sí caithte. Níor tháinig aon Chincís ariamh gan toirneach. Bíonn dath dubh-ghorm ar an aer agus bíonn daoine ag creathadh leis an bhfaitchíos. Is minic a chloisfeá iad ag rádh Marainn Phadhruig.Ní tosuigheann siad ar obair nua ar bith ins an gCincís ag deanadh ómós dí ag ceapadh go bhfuil sí uaibhreach. Ní bheárrann siad aon chaora ach an oiread mar gheall le faitchíos go gcaillfí iad. agus ní bheárrann siad na daoine acht an oiread ag ceapadh go mbeadh mallacht na Cingcíse ortha. Ní théidheann siad ag iasgach acht an oiread. Mara mbeidh an dorugha fliuchta acu sul a thiocfas an Chingcís ní thiocfaidh siad ag iasgach. Níl sé ceart codladh amuigh sa gCincís acht an oiread. Mara ndeacha tú ag snámh roimh an gCincís deirtear nach bhfuil sé ceart dul ag snámh go mbeidh sí caithte, Síol a cuirtear sa gCingcís ritheann sí.- Collector
- Áine Ní Chonfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraic 'Ac Confhaola
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway