School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0206
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ór i bhfolach
Sighle Ní Chonghaile, Indreabhán do chuir síos
A hathair a thug an seanchas di
Tá sé ráite go bhfuil ciste óir i bhfolach i leachta mór cloch thuas i mbarr an bhaile seo. Seanfhear a bhí ar an mbaile darbh ainm dó Tadhg beag a chuir an t-ór ann. Bhí Tadhg crua, barainneach agus ní chuirfeadh sé pingin ná leithphingin go dona riamh.Sin é an chaoi a raibh an saibhreas aige. Ach fuair sé bás agus d'fhan a chuid óir ina dhiaidh sa bpoll.
An lá seo bhí beirt fhear oibre ag obair ins an ngort a bhfuil an leachta ann. Dubhairt duine acu leis an duine eile go bhfaca sé rud mar a bheadh easóg ann ag tarraingt an airgid ó leachta a raibh an t-airgead ann go dtí an leachta eile. Chuaidh an bheirt acu ag faire ar an easóg. D'fhiafruigh an fear a chonnaic i dtosach í de'n fhear eile cé mb'fhearr leis an leachta a raibh an easóg ag tarraingt ann ná an leachta a raibh sí ag tarraingt as. Dubht. sé go mb'fhearr leis an leachta a raibh sí ag tarraingt as. Fágadh an leachta sin aige agus thóg an chéad fear an leachta a raibh sí ag tarraingt ann. Bhí a ndóithin ag an mbeirt sin an fhad is mhaireadar. Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine eicínt.- Collector
- Síghle Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- Indreabhán, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Indreabhán, Co. Galway