School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0220
- XML “Na Blácaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)anonn.
Bhí na tíorántaí chomh dona leis na blácaigh, Chaithfead gach duine cúpla lá ag cur fhataí dhóibh agus na daoine thart a chuir sgonsaí ar an talamh dhóib agus chaithfeadh siad fhéin a mbéile bheith aca.
Bé Pádraic a' bláca a bhí na thighearna ar an dúithche ar fad. Bhí sé na chómhnaidhe i gCúige Mumhan. Bhí blácac i Mionloch taobh thoir de Loch Coirib agus bhí blácaig ins na Forabacha. Bhí na blácaig go h-an-dona. Thógfad siad na beithidhigh agus cuireadh siad isteach i ngarraidh gobhann iad.
Thóg siad beithihig ó duine agus chuir siad isteach i ngarraidhe gobhann iad. Cuireadh fir dhá bhfaire ann. Tháinig daoine aníos as Ráth-Ún ag iarraidh a gcuid beithidhig agus cheangail siad na daoine a bhí ag faire i n-áit na beithidhigh. Bhí fuip fán n-osgail ag na blácaig ag bualadh na ndaoine. Bhíodh clann an bhlácaigh ag osgailt cómhraí agus ag goid an airgid ó na daoine thart.
Sé an Blácach a bhí na bhreitheamh na ghárda agus na Ghiústís.
Clann Shéamuis a' bláca bhidís ag baint a gcuid éadaighe do na daoine agus sgaoil siad bean óg abhaile lá gan aon éadach(continues on next page)- Collector
- Mairghréad Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway