School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0224
- XML “Aimsir an Ghorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhíodh na fir ag dul amach ar maidin ar na sléibhte a' súil go bhfuighdís aon choinín nó aon chineál eile a choisgfeadh an t-ocras.
Bhí fear ann agus maidin amháin ag dul amach an criathrach do chonnaic sé fear eile amach roimhe agus dubht. sé leis féin go n-ionnsóchadh sé é agus dá mbeadh aon blas bidh aige go mbainfeadh sé dhó é agus go marbhóchadh sé é agus go mbainfeadh sé an t-éadach dhó. Labhair guth leis agus adubht: "Más feall fillfear." Labhair an guth arís agus dubht. an rud céadna. An Tríomhadh uair nuair labhair an guth d'fhiafruigh an fear cái'de ghabhfadh sé. D'fhreagair an guth agus adubht. "Go dtí mac do mhic" "O" adeir sé "má théigheann sé chomh fada sin marbhó mé é," agus mharbhuigh. D'imthigh an saoghal ariamh go raibh mac a mhic marbhuighthe de bharr an fheill a rinneadh an uair sin.
Bhí fear eile ann agus mharbuigh sé fear amuigh ar an sliabh. Cheap sé nach raibh duine ar bith 'na ghaobhar. Acht thárla go raibh blath ag fás in aice leis ar a dtugtar an Ceannabhán Bán. Nuair a bhí an fear marbh d'imthigh an dúnmharbhuightheóir leis agus é lán tsásta nach bhfaca aoinne é agus nach mbeadh fhios ag duine ar bith faoin gniomh a bhí déanta aige. Acht níl aon áit dá ndeacha sé, fiú amháin isteach sa teach nár lean an ceannabhán é agus sin é an chaoi ar fríothadh an choir amach air.
Na daoine sin a fuair bás leis an ocras agus leis an tinneas ní dhéanfaoi ach poll a dhéanamh san áit a bhfuighdís bás dóibh agus iad do chur síosann. Bhféidir go(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway