School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0230
- XML “Aimsir an Ghorta”
- XML “Buachaillín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí bothar dá dhéanamh annsin agus bhí go leór daoine ag obair air. Tuistiún sa ló a d'fhághaidís.
- Bí an Buachaillín na chomhnaidhe ar a' gCaorán taobh tiar de'n áit a bhfuil an teach ósta anois. Ní raibh ann ach Rógaire críochnuighthe. Bhí bean aige acht níor chuala muid ariamh go raibh clann aige.. Dá mbeadh duine ag dul chuig a' siopa beadh sé ag faire air agus dá mbeadh buillín aige nó min nó aon blas eile bhainfeadh Buachaillín dó é. Dá gcloiseadh sé gur mharbhuigh aon duine gé ná cearc ná rud ar bith mar sin chaithfeadh sé cuid dí fhagháil nó mara bhfuigheadh mharbóchadh Buachaillín an t-é d'eiteóchadh é. Deirtear gur lean sé fear* a bhí ag tigheacht ó'n siopa lá le leith-chéad min bhuidhe agus gur mharbhuigh sé thuas ag Loch an Iolra é agus gur chuir sé isteach faoi thóchar a' bhothair é. Deirtear go bhfuil an fhuil ar an gcloch ann fós acht ní fhaca mise an fhuil. Tugadh Buachaillín 'un bealaigh agus níl fhios céard d'eirigh dó 'na dhiaidh sin.*gasúr beag adeir an chuid is mo de na h-ughdair, e.g. Labhrás Ó Conghaile srl. T.Ó S. féach lch 132.
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway