School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0251
- XML “Ridire na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fuair sé suipéar réidh dhóibh agus tar éis an tsuipéir dubhairt sé leó eirighe agus gaisghidheacht a dhéanamh. Anois bhí a mhac féin ann freisin agus bhí sé i ngar do bheith chomh maith le ceachtar aca.
"Níl sé chomh maith le mo chuid gaisghidheach fós acht leig liom-sa é," ars an ridire, "ar feadh lá agus bliadhain eile."
"Leighfead" ar seisean, "acht go dtiúbharfaidh tú ar ais chugam é i gcionn an lá agus bliadhain" Dubhairt sé go dtiúbharfadh.
D'imthigh leó ar maidin lá ar na bhárach agus d'fhanadar amuigh lá agus bliadhain eile.
Nuair abhí an t-am istigh chonaic an sean-fhear an cómhluadar ag teacht. Chuir sé fáilte rómpa.
Chaitheadar an suipéar agus tar éis an bhéile dubhairt sé le na chuid fear eirighe suas agus píosa gaisgidheacht a dhéanamh.
D'eirigh siad suas, trí fear déag, agus bé mac an fheilméara an fear ab'fhearr.
Ní raibh fear ar bith indon ceart a bhaint dhó acht Ridire na gcleas fhéin.
"Níl fear ar bith aca chomh-maith le mo mhac féin" adeir an sean-duine.
"Níl go deimhin" adeir an Ridire "acht mise agus má leigeann tú liom é lá agus bliadhain eile beidh sé 'na ghaisghidheach chomh maith liom féin."
"Maiseadh leigfead," ar an feilméar, "leigfidh mé leat é."
Anois níor iarr sé air an t-am seo é a thabhairt ar ais arís mar rinne sé an trí uair eile.
I gcionn lá agus bliadhain bhí an feilméar ag fanacht agus ag súil le na mhac acht níor tháinig an mac ná Ridire na gCleas.
Bhí an t-atair faoí imnidhe mhór nuair nach raibh a mhac ag teacht abhaile chuige.
"Pé áit de'n domhan a bhfuil sé caithfidh mé a fhágháil amach."
D'imthigh sé annsin agus bhí sé ag imtheacht gur chaith sé trí lá agus trí oidhche ag imtheacht.
Tháinig sé isteach annsin i dteach bréagh agus chonnaic sé trí fhear déag(continues on next page)- Collector
- Mairghréad Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway