School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0258
- XML “Doineann - Toirneach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mbheadh leagtha agus marbhuighthe orra.
Ar maidin bhí an loch chómh dubh le áirne agus bhí sé an-salach acht ní raibh aon díoghbháil déanta aice buidheachas, le Dia.
Ins an Samhradh 'na dhiaidh sin tháinig an droch-oidhche eile le toirneach teintreach agus lasracha. I lughnasa a bhí sé ann, bhí toirneach beag ann ar maidin acht bhí sí ag dul timceall ins na spéarthaibh go dtáinig an tráthnóna
Thosuigh sé go millteach tráthnóna le lasracha agus pléasgadh toirnighe. Lean air mar sin go dtí a leath-uair tar éis a h-aon dhéag. Annsin 'seadh phléasg an ceann ba mheasa agus ní raibh aon bhrígh innte mórán uaidh sin amach.
Rinne sí go leór díoghbhála. Do mharbhuigh sí dhá bhó a bhí fágtha i n-garrdha chois locha le Máirtín Breathnach, Bánrach. Do thuit an toirneach ins an loch a bhí in-aice leis an n-garrdha agus deirtear go bé gaoth na toirnighe a mharbhuigh na beithidhigh. Do mharbhuigh sí freisin go leór caorach a bhí amuigh ar an sliabh ag muinntir Indreabháin.
Rinneadh díoghbháil níos mó ná sin mar níor stop sé acht ag báisteach ó mhoch maidin go h-árd-trathnóna agus sin í an bháisteach is mó a thagann díoghbháil aiste - báisteach thornighe mar bionn sí ró-thréan.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Fhágharta
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway
- Informant
- Learaí Ó Biaith
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway