School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0262
- XML “An Cladach Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar chuala sibhse trácht, a dhaoine,
Ar a' stoirm sínt' úd ar mhuir 's ar thala
A d'fág éagmais gleó 'gus caoineadh
Gach aon lá choidhchin ríst i gConnamara
I ndeire an fhoghmhair san oidhche Dia h-Aoine,
'Seadh rinneadh an mhísgúd ar sean 'sar óg
Is go bhfuil sé ráidhte ó bhéal na ndaoine,
Gur thriall sí an oidhche úd as Mexicó.A Dhia 's a Chríosta nár mhór an nidh é
An méid siúd daoine do chur ar fán
Mná 'gus páistí i gcaith ' na h-oidhche
Mó léan ghá gcaoineadh is gan iad le fagháil!Galra dubhach ort féin a mór-mhuir
Nach iomdha deóir ghlas a bhain tú asta!
A gcáirdí ag iomradh ar na tonnta móra,
A Dhia na Glóire, ar bheagán fasgaidh!Acht ó thárla anois is go bhfuil siad éagtha
Is nach bhfuil aon éirnis acu ar an saoghal
Guidhidh leó-san chuig Dia na Glóire
Agus Dia ghá soillsiú go Flaithis na Naomh.Bhí buachaillí ann croidheamhail siamsámhail
A dhéanfadh gníomhartha le leim 's le rith
Is bhí fir dhá réir ann badh deise béasa
Agus naonbhar óigfhear as an gCladach Dubh.(continues on next page)- Collector
- Seósamh Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Baile na mBrobhach, Co. Galway