School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 068

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 068

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 068
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dam é." "Tiúbharfadh" adeir an sean-fhear agus níor chuimhnigh séa rádh leis é a thabhairt ar ais. Nuair abhí an lá is bliadhain suas bhreathnuigh an sean-fhear amach agus ní fhacha sé amharc ar an mach ag teacht. Dimigh leis agus casadh sean-fhear leis ar an mbealach do. "Tafhios amsa go maith" adeir seisean "cá bhfuil tú ag dul". D'inis sé a sgéal do agus dubhairt an sean-fhear leis, "Geofaidh sé cruadh ort do mhach a fhágháil acht nuair a rachaidh tú chuig a theach tiubharfad sé isteach dhá ceann déag de coluim agus badh ceann acu nac mbéad mórán clumh air. Cuirfidh sé gráinne coirce ar an úrlár agus tosóchaidh siad gá piocadh, agus déarfaidh sé leat-sa do mhac a piocadh, agus beidh tusa ag breathnughadh agus feicfidh tú an ceann seo ag buaileadh an chuid eile agus déarfaidh tusa 'Creidim an bealach a bhí leat ins an mbaile go bhfuil an bealach céadhna leat anseo". Bearfaidh tú ar an éan sin agus sin é do mhac". Chuaidh sé go dtí an teach. "Ar tóruigheacht do mhac atá tú" adeir an fear. "Seadh" adeir an sean-fhear. "Tiubharfaidh mé do rogha amáireach duit" ar seisean agus má tá tú i ndan é phiocadh amach bíodh sé át agus fáilte agus mar bhfuil tú 'ndán ní bhfuighidh tú é. Lár ar na bháireach thug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí Ní Chuáláin
    Gender
    Female
    Address
    Cill Chiaráin, Co. Galway
    Informant
    Bairbre Ní Chuáláin
    Gender
    Female
    Address
    An Aird Mhóir, Co. Galway