School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 067
- XML “Scéalta Greannmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear an fadó agus ní raibh aige ach aon mach amháin. Bhíodar an lá seo amach ar an bhfairrge. Ba gheárr gur dubhairt an mach leis an athair "an bhfeiceanntú an currach sin atá ag déanamh orainn. Tá buille is fiche uirthi agus níl innti ach aon fhear amháin, agus dom iarradh atá sé sin. Acht pé acar a leighfeas tú mise uait abair leis me thabhairt ar áis nuair a bhéas an lá cáirde thuas." "Déanfaidh sin" adeir an t-athair. Nuair a tháinig fear an curraighe suas leobh dubhairt sé leis an athair, "Tiubhar domh do mhach" ar seisean "go ceann lá is bliadhain." Tiubharfad" ars an t-athair "acht tiubhar ar áis arist é nuair a bhéas an lá is bliadhan suas". "Tiúbharfad" ar seisean. Nuair abhí an lá is bliadhain suas, bhreathnuigh an sean-fhear amach agus chonnaic sé an mach ag teacht agus an fear i n-éindigh leis agus d'fhiafruigh sé de "A' dtiúbharfaidh tú dom ar feadh lá is bliadhan eile é." "Tiubharfad" ars an sean-fhear" acht a dtiubharfaidh tú ar ais aríst é nuair a bhéas an lá cáirdhe thuas." Tiúbharfidh" ars an fear. Nuair abhí an lá is bliadhain suas thóg sé ar ais é, agus anois adeir seisean "a tiúbharfaidh tú ar feadh lá is bliadhain eile(continues on next page)
- Collector
- Peigí Ní Chuáláin
- Gender
- Female
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Informant
- Bairbre Ní Chuáláin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway