School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 109
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aill na brón
Sin aill atá ins an mbaile sin agus bíodh bean le feiceál ag caoineadh ann i gcomhnaidhe agus ba bhean sidhe a bhí inntí agus tughadh Aill na Brón air annsin.
Clócar na bPaistí
Clocar atá ins an Áirdmóir thios i ngar do'n fairrge agus tá paistí curtha ann. Bá pháistí iad a cailleadh nach raibh baisteadh agus cuiread annsin iad. Tá na comartaí a cuireadh as a gcionn le feiceal fós ann.
Leabhadh Dhiaramúid
Sin sgailp atá idir dhá cloc agus bíodh Diarmúid ina chdhladh annsin. Ní deachadh sé ina codladh in aon teac ariam act ins an áit agus sin é an fáth gur tughadh leabhadh Diarmúid air.
Loc an Óir
Loc atá amuig ar cnoc na h-Áirde Móire agus fuair daoine ór i gcnocán atá le na taobh agus tugadh loch an Óir uirthí annsin.
Cloc na fíonóige
Cloc atá thios ar cladach na h-Áirde Móire agus bíodh nead ag éan uirthí a dtugtar fionóg air agus tugadh cloc na fionóige uirthi annsin.
Aill na Sgeach(continues on next page)