School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 359
- XML “Naomh Mac Dara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Céadta blian ó shoin do chómhnuigh Naomh i gCárna dárb ainm Mac Dara. Ar oileán beag trí mhíle amach ón gcósta bhí comhnuidhe air. Bhí séipéal beag aige dá raibh ceann cloch air agus deirtear gur thóg na hAingle dhó é in aon oidhche amháin. Tá fotharaigh an teampaill sin in a seasamh fós agus tá tobar beannuighthe an Naoimh san oileán freisin.
Mhair sé in a aonar san oileán sin agus ní bhíodh de bhiadh aige acht arbhar a mheileadh sé féin le dhá chloich agus braon uisge. Anois is aríst bhíodh iasg úr aige agus nuair a ghabhfadh aon duine isteach san oileán thiubhradh sé braon bainne chuige.
Sé nós atá ag na daoine riamh ná na seolta d'ísliú ag dul thar Oileán Mac Dara in onóir don Naomh. Uair amháin rinne máirnéalach éicint faillighe ar an nós sin agus báthadh é cúpla céad slat ón oileán. Tugtar 'Mac Dara' fós mar ainm ar go leor páiste sa pharóiste mar gheall ar na Naomh.
Tuiteann lá Fhéile Mac Dara ar an 16adh d'Iúl. Téigheann lear mór daoine go h-Oileán Mic Dara an lá sin chuile bhliain ar oilitricht. Na daoine nach dtéigheann chuig an Patrún, bíonn siad ag obair sa bhaile. Ceaptar go bhfuil an Naomh curtha san oileán.- Collector
- Áine Ní Cartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 10
- Address
- Carna, Co. Galway