School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 426

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 426

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 426
  3. XML “An Gabha agus an Cheárta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá suas le trí cheárta sa pharóiste. Siad na trí gaibhne gur leo iad ná Seán Mac Donnchadha ó Leitir ard?, Seosamh Mac Donnchadha ó Mhuighrus agus Peadar Ó Ceannabháin ó Chillchiaráin. Deirtear go raibh muinntir Seán Mac Donnchadha ina ngaibhne maithe agus is uatha a thug Seán an ghaibhneacht. Níor chualas go raibh muinntir na ndaoine eile 'na ngaibhne ach níl fhios agam b'fhéidir go raibh. Tá gach ceann aca ag leatthaoibh an bhóthair ach tá cros-bhóthar achar gearr ó phéire aca sé sin ó Ceann Muighruis agus ó Ceann Leitireard. Is ceann tuighe atá ar an trí cinn aca mar sílim gur b'in é an saghas ceann a bhíonns ar gach ceárta mór-thimcheall na h-áite seo ar chuma ar bith.
    Sean-doras a bhios ar an gceardtan agus ní bhíonn aon ghlas ach ar chuid aca. Bíonn dhá theaghlach mór agus teine istigh sa cheárta. Tugtar na builg ar an saghas rud a bhíos ag an ngabha chun an teine a shéideadh leis nuair a bhíonns deifir air. Ní dheintear san áit iad ach is amhlaidh a cheannuigheann na gaibhne iad sa siopa. Siad na h-uirlisí a bhíonn ag an ngabha ná casúr, tairní, iarainn, crúidhte agus uisge. Cuireann an gabha crúidhte fé chapaill agus fé asail ach níor chuala mé ariamh gabha a chuir crúdh ar bhó ná ar bhullán in mo cheanntair féin. Deineann an gabha a lán uirlisí a bhaineann le obair na talmhan cuir i gcás pící, tuaghanna agus corr-uair an tsluasaid. Rud eile an dheineann an gabha seadh boinn a chur ar rothaibh, agus deineann sé a lán geataí iarainn agus cuireann sé na spealtrachaibh i dtreo do na feirmeoirí chun an féar do bhaint. Suidheann an gabha go minic taobh amuigh fén aer.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. smithing (~2,389)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway