School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 471
- XML “Tobar na Seacht nIníon”
- XML “Tobar Síonnach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Rí i gCúige Laighean fadó agus bhí seachtar inghean aige. Nuair a tháinig Naomh Pádraic go hÉirinn bhaist sé iad agus rinne sé mná-riaghalta díobh. D'imthigh siad leo ag múineadh an chreidimh agus tháinig siad go Conamara. Gach áit a shuidheadh siad síos ag leigint a sgíth thagadh tobar beannuighthe ann agus thógadh na daoine leachta ann. Chuaidh siad isteach ar an oileán Máisiún roimh éirighe gréine agus nuair a d'éirigh na daoine, chonnaic siad seacht gcosán ag dul go dtí an tobar beannuighthe. Tá tobar eile i Máigh Inis agus i lán áiteanna ar fud Chonamara.
- Bhí sagart in a chomhnuidhe i Maorus fadó agus sé an t-ainm a bhí air an t-Athair Síonnach. Bhí tobar beannuighthe 'san áit agus nuair a d'imthigh an sagart thug na daoine an t-ainm(continues on next page)