Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. Galway
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 419
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chiseog agus cuireann siad píosaí aráin isteach faoi ionnas go dtiocfaidh an luin agus an smólach agus na h-éineacha go léir chun é a ithe.
Bíonn an-spórt ag cailíní agus ag buachaillí as na h-éin agus sin é an fáth go dtugann siad an oiread sin biadh le n-ithe dóibh. Deineann na buachaillí súil ribe chun breith ar na coiníní. Gach poll a bhfuil eolas aca a dtéigheann na coiníní, téigheann siad ann agus cuireann siad an tsúil ribe ar an bpoll sin ionnas go dtiocfaidh an coinín amach agus go dtachtadh an t-súil ribe é. Annsin a bhíonn an t-áthas ortha mar tugann siad an coinín abhaile agus bíonn dinnéar breágh aca air. Is iomdha caitheamh aimsire eile a bhíonn's aca mar deineann siad teach bábóige de chlocha nó d'adhmad agus bíonn sé an-deas ar fad. Sé sin an meid caitheamh aimsire a bhíonn ag na páistí mór-thimcheall mo cheanntair. - Bíonn laethanta áirithe ag na daoine chun tosnú ar obair. Cuir i gcás go raibh na daoine ag dul ag cur fhataí d'fhanaidís go dtí an Aoine mar deirtear go mbíodh an t=ádh ag baint leis. Níor mhaith leo tosnú Dé Luain mar má dhéanann tú droch-obair Dé Luain déanfaidh tú droch-obair ar feadh na seachtmhaine agus mar sin de. Saghas pisreoga iad sin a bhíonn ag na daoine ach ní chleachtuigheann cuid(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. Galway