School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1.
Nuair a thiocfas an Bealtaine is fásfas bláth' glas ar a' bhféar
Beidh na h-éiníní ag gabháil fhonn go ceol binn fé bharra na gcraobh
Tá crann ins an ngáirdín a bhfásann air bláth na súgha craoibh
Mo ghrádh-sa atá meallta ó'n a máithrín is ní maith léithe é.
2.
A Bhruinnillín bhéasach! is tú mhéadaigh an osna in mo lár,
Is go luaidhtear na céadta le chéile nach bpósfadh go bráthach
Do dhá shúinín gléineach is do bhéilín chomh macánta tláth
Och! is rí mhór do thaithnigheann o bhéal liom 's dá bhfaighinn é rachainn i do cheann.
3.
Nach mise a bhíonn cúthal, siubhal múinte is gan iarraidh orm ann
Siubhal le mo mhúirnín is go moch leis an lá
Ag Dia mór atá a chomhacht nior shiubhal le fear eile níos fearr
Is a stóirín! ná cúlaigh díom is tú an cúilín a dtug mé dhuit grádh.
4.
Bíodh nach raibh gean mór ag mo stór orm tamall de'n t-saoghal,
Is shíl mé go deo deo nach dtógfadh Dia an gean sin aice dhíom
Ach thabharfainn mo mhóid ar mo ghlúinibh sul a dhírighinn 'mo shuidhe
Gur gheall tú mé pósadh ' tús m'óige go dtáinig mé go h-aois.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Maoilchiaráin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway
- Informant
- Maire Ní Maoilciaráin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway