School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 374
- XML “Naomh Pádraig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Naomh Pádraig ag múineadh an Creidimh tháinig sé isteach i dteach. Bhí chuile dhuine ann sásta iompodh leis ach fear an tighe. Dubhairt seisean le Pádraig dá mbeadh sé in ann innsint dhó céard é iongantas lae Bealtaine go n-iompóchadh sé leis.
Chuaidh Pádraig thart ar fud na h-áite ag fághail amach cérbh é iongantas lae Bealtaine. Tháinig sé go crann a bhí ann suas le céad bliain, agus d'fhiafruigh sé dhe an raibh fhios aige iongantas lae Bealtaine. Dubhairt an crann nach raibh fhios aige ach go raibh fiadh amuigh sa sliabh, agus go mb'fhéidir go raibh fhios aige.
As go bráth le Pádraig go dtí an fiadh, agus chuir an cheist céadna air. 'Innseochaidh mé dhuit ars' an fiadh céard é iongantas lae Bealtaine. Tá abha annsin thiar a deir sé agus tá bradán innte. Bhuel, bhí an oiread sin de chroidhe agus misneach sa mbradán, nuair a bhí an Samhradh ar fághail go n-eirigh sé suas glan san aer agus nuair a tháinig sé anuas aríst nach raibh leac oidhre ar an abhainn?' Ní raibh fhios ag an mbradán céard a dhéanfadh sé nuair a chonnaic sé sin. Shín sé siar ar a thaobh ar an leac oidhre, agus níorbh fhada go dtáinig préachán i ngan fhios air, agus phioc sé súil as. Tháinig an oiread fola as an súil gur leágh sé an leac oidhre, agus annsin chuaidh an bradán síos san uisge aríst.' Tháinig Naomh Pádraig ar ais do'n bhfear, agus d'innis an t-iongantas seo dó. Ach ba chuma, ní raibh sé sásta glacadh leis an gcreideamh. B'fhearr leis a dubhairt sé é a chur beo faoi'n dtalamh ná iompódh. Rug a chlann féin agus Naomh Pádraig air, agus chuireadar beo san uaigh é. Mar sin féin ceaptar go ndeacha sé go Flaitheas mar gheall ar a raibh de bhrón agus de chathughadh in a dhiaidh ag a chlann.- Collector
- Cáit Ní Fhualáin
- Gender
- Female
- Age
- 10
- Address
- Caladh Mhaínse, Co. Galway
- Informant
- Miceál O Niaidh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Caladh Mhaínse, Co. Galway