School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 377
- XML “An Chuinneog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá a lán cuinneog ag na daoine mór-thimcheall mo cheanntair agus tá ceann deas ag mo mhuinntir féin sa bhaile. Tá an chuinneog atá againn sa bhaile tuairim is trí troighthe ar aoirde agus tá sí níos fuide ar an mbun ná mar atá sí ar an mbarr. Tá sí níos caoile ar an mbarr agus tá sé tuairim is leith-bhliain ó deineadh í. Is fear ó Ruiseanamanach a rinne í. Tá sí an-láidir agus is maith liom a bheith ag déanamh maistreadh léithe. Tugtar an loinithe ar an rud a bhíos tú ag oibriú síos is suas tríd an gcuinneog agus tugtar an clár ar an rud atá ar bhéal na cuinneoige. Ní leigeann sé sin aníos an bainne as an gcuinneog, agus tá poll ann chun an loinithe a chur síos ann. Tá clár eile ar an loinithe agus poll mór-thimcheall air agus bíonn an bainne ag dhul síos is aníos tríd na puill sin.
Cuirtear marc thuas ag barr na cuinneoige agus ní chuirtear an bainne aníos thairis sin nó má chuirtear beidh an bainne ag imtheacht amach as an gcuinneog. Déantar im dhá uair san t-seachtmhain sa Samhradh mar gheall ar an aimsir bhreágh agus freisin sin é an uair is mó atá bainne ag na ba. Ní dhéantar im ach uair sa t-seachtmhain sa nGeimhridh mar ní bhíonn mórán bainne ag na beithdhigh an t-am sin agus rud eile bíonn an aimsear an-fhuar. Déanann mo mháthair an chuid is mó de'n mhaistreadh agus annsin cabhruigheann muid go léir le chéile chun é dhéanamh agus is minic a bhíonn spraoidh againn. Má thagann aon stróinséar isteach buaileann sé greás ar fhaitchíos go(continues on next page)- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway