School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
![The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 378](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0011%2FCBES_0011_378.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 378
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 378
- XML “An Chuinneog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dtabharfadh sé leis an t-im.
caitheann na daoine tuairim is uair an chluig ag déanamh an mhaistridh agus ta éis tamaill tugann siad fá deara nuair atá sé déanta. Oibrightear síos suas an loinithe ins na cuinneoga móra agus ó thaobh taobh sa gceann eile. Sé an chaoi a n-aithnightear go bhfuil an maistreadh déanta nuair a bhíonn in a mhealltracha ar a bharr agus nuair a bhíonn sé deacair ar a dhéanamh. Caithtear uisge fuar ann ar dtús. Annsin cruinnigheann bean an tighe an t-im le chéile agus cuireann sí isteach i mias adhmad é agus í lán le h-uisge. Annsin fághann sí sgian agus bionn sí dhá sháith tríd an im agus ag tógáil na ribe agus gach salachar amach as. Leagann sí i dtaisce é. Óltar an bláthach (gach salachar amach as) tar éis a dhéanta agus tá sé an-fholláin agus coinnightear an chuid eile agus cuirtear tré arán é.- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway