School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 380a
- XML “Scéal Grinn - Liam <span class="exact">na</span> Giúise”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá fear i Rosmuc seo againne Liam na Giúise a thugtar air de bhrígh go mbíonn móin agus giúis le díol aige sa mbaile mór thíos. Níl bean ná clann aige. Tá feirm bheag talmhan aige ach ní mórán cuireadóireacht a dheineann Liam bocht air. Tá sé deacair dó san mar níl san bhfeirm ar fad ach portach fuar fliuch nach bhfásann prátaí ná meacain ann. Ach mar a dubhairt Liam féin ' an rud ba mheasa leat ar domhan b'fhéidir arís gurabh é clár do leasa é'. Tháinig Liam ar imeall an phortaigh agus do bhain an mhóin agus an ghiúis agus thiormuigh iad agus do bhíodh sé gach lá beagnach ar sráid an bhaile mhóir, agus cliabh móna nó ualach giúise dhá dhíol aige.
Tharla tríd sin gur chuir Liam aithne ar an ól ach níorbh é an sagart aithne a mhéaduigh tarcuisne é. Níorbh é in aon chor mar is amhlaidh a mhéaduigheadh a urraim don ól agus a dhúil ann. Bhí sean-mhúile buidhe agus trucail aige. Bhí an múille an chríonna. Uair ar bith a bhíodh Liam ar meisge shiubhladh sé abhaile agus sheasfadh sé ar aghaidh an dorais amach go ndúisigheadh Liam. Lá amháin bhí sé ag teacht abhaile ón mbaile mór agus do bhí sé ar meisge. Bhí beirt bhuachaillí greannmhara ar an mbaile dár b'ainm Tadhg Ruadh agus Seán Cathach. Chonnaic siad ag teacht é. Sheas an múille ar aghaidh an dorais amach. Chuaidh Seán Cathach agus Tadhg Ruadh siar go dtí teach Liam.(continues on next page)- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway