School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 422
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá garrantaí againn sa mbaile agus sé an t-ainm atá ar cheann aca 'Garraidhe Máire'. Bhí sean-bhean ann fadó agus bhí sí tuairim míle bliain agus Máire an t-ainm a bhí uirri agus tá an t-ainm sin ar an bpáirc ó shoin.
'Tobar an Sidhe' : Bhí bean sidhe le feiceáil ann fadó agus tugtar 'Tobar an t-Sidhe' air ó shoin agus bhíodh go leor daoine ag tabhairt uisge as ach b'éigean dóibh éisteacht leis agus gan aon uisge a thabhairt as níos mó.
'An Muing' : Garraí mór millteach é agus tugtar 'Muing' air.
'Crochán Shéamuis': Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Séamus. Bhíodh sé amuigh ar an gcrochán i gcomhnuidhe; ní theigheadh sé isteach go mbeadh leath na h-oidhche caite.
An Iothlann: Nuair a thugtaí an féar isteach agus nuair a dheintí cocaí móra de sé an t-ainm air 'An Iothlann'.
An Cimín : Nuair a bhíonn na beithidhigh amuigh sa samhradh sé an t-ainm a thugtar ar an áit a chodluigheann siad ná 'An Cimín'.
An Leachta: Bhí sidheog ann fadó.- Collector
- Bairbre Ní Liodáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway