School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
![The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 460](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0011%2FCBES_0011_460.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 460
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar éigin a bhfuil tigh i n-Éirinn nach bhfuil rud éicint crochta ann i n-onóir do naoimh agus d'fhéilí. Cuirtear a lán croiseanna i n-airde ar na frathacha lá Fheile Pádraig agus freisin lá Fhéile Bríghde. Dheintí na croiseanna le dhá phíosa adhmad treasna ar a chéile agus corr-uair le dhá shlat treasna ar a chéile. Dheintí iad sin i n-onóir do lá 'le Pádraig agus lá ' le Bríghde. Thugadh na páistí scuaibeanna beannuighthe a d'fhaghaidíd amuigh ins na páirceanna lá Fhéile Bríghde isteach ins na tighthe agus chrochaidís ins an teach iad agus bhídís an-deas, os cionn na bpictiúirí beannuighthe.
Deirtear gurb í Naomh Bríghid, Naomh Pádraig, agus Naomh Colmcille pátrúin na hÉireann agus deintear al án rudaí i n-onóir dóibh. Dubhairt cuid de na daoine gur maith an rud rudaí as an gcladach a thabhairt isteach lá Fhéile Bríghide. Tá go leor toibreacha beannuighthe ins an bparóiste ag baint leo, agus tugtar a lán turasanna go dtí iad go minic. Thugadh na daoine a lán luibheanna isteach mar cuileann faoi Nollaig, bláthanna sa Samhradh agus mar sin de agus tugtar an Fhailm Bheannuighthe isteach Domhnach na Failme, agus uisge coisreacan Domhnach na Cingíse. Tugtar a lán rudaí eile isteach mar sin.- Collector
- null
- Gender
- Female