School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Athenry, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- XML Page 047
- XML “Cnoc Meá”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí píobaire síos i gCnuic Mágh. Bhí cailín óg darbh ainm Miss Cirón i gCaisleán Naicéad. Buaileadh suas tinn í agus ní raibh aon dochtúr i Sasana ná Éire a fhéadfadh í a leigheas. Bhí an píobaire seo ag dul abhaile thar-éis a bheith ag seinm ceól nuair a casadh sidheóg leis ar an mbealach. Dubhairt an sidheóg leis dá ndéanfadh sé an rud a déarfadh sé fhéin leis go mbéadh sé in ann an cailín a leigheas. “Ach anois” ars an sidheóg “nuair a leigheasfaidh tú an cailín sin gheobhfaidh tú a lán airgid agus beidh ort cuid de a thabhairt domh-sa.” D’innis sé dó an chaoí a leigheasfadh sé í. Dubhairt sé leis an clogann a bhaint den gcailín agus é a chur síos i bpota uisge bog. Nuair a tháinig sé isteach ’san dteach bhí na daoine ar tí é a caitheadh leis an ngunna acht sa deire tugadh isteach é agus isteach ’san seómra ina raibh an bean óg. Níor fhág sé duine ar bith ’san seómra acht é féin agus an cailín a bhí tinn. Bhain sé an clogann díthe agus chuimil sé an buidéal a thug an sidheóg dó air agus chuir sé an(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Cadhain
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Informant
- Pádraic Ó Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Park, Co. Galway