Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí píobaire síos i gCnuic Mágh. Bhí cailín óg darbh ainm Miss Cirón i gCaisleán Naicéad. Buaileadh suas tinn í agus ní raibh aon dochtúr i Sasana ná Éire a fhéadfadh í a leigheas. Bhí an píobaire seo ag dul abhaile thar-éis a bheith ag seinm ceól nuair a casadh sidheóg leis ar an mbealach. Dubhairt an sidheóg leis dá ndéanfadh sé an rud a déarfadh sé fhéin leis go mbéadh sé in ann an cailín a leigheas. “Ach anois” ars an sidheóg “nuair a leigheasfaidh tú an cailín sin gheobhfaidh tú a lán airgid agus beidh ort cuid de a thabhairt domh-sa.” D’innis sé dó an chaoí a leigheasfadh sé í. Dubhairt sé leis an clogann a bhaint den gcailín agus é a chur síos i bpota uisge bog. Nuair a tháinig sé isteach ’san dteach bhí na daoine ar tí é a caitheadh leis an ngunna acht sa deire tugadh isteach é agus isteach ’san seómra ina raibh an bean óg. Níor fhág sé duine ar bith ’san seómra acht é féin agus an cailín a bhí tinn. Bhain sé an clogann díthe agus chuimil sé an buidéal a thug an sidheóg dó air agus chuir sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Cadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Pháirc, Co. na Gaillimhe