School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Athenry, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'fiafruigh dhe a raibh fhios aige cá raibh a theach. Dubhairt seisean gurbh é féin an buachaill a bhí ag an ngabh sin. "An féidir leat ar aon chaoí innseacht dom cá bhfuil a theach?" Leis sin rug an spealadóir ar dhlaog féir as an talaimh agus rinne sé fáinne dhe. "Bhreathnuigh tríd an bhfáinne seo agus feice tú a theach." Bhreathnaigh sé agus chonnaic sé é. "Feicfe tú do mhac anocht " adeir an spealadóir "agus sé an fear is bhreaghtha é ar an aon fhear déag eile a bhéas in éinfeacht leis. Feicfe tú amáireach é agus an aon fhear déag eile in éinfeacht leis agus iad na gcuilm. Sé an ceann is caithte a bhéas ann é agus gach greim a d'íosfas sé beidh sé ag breathnú ort-sa. Chuaidh an feilmeóir isteach go dtí an gabha. Chonnaic sé a mhac ann. Gheobhfaidh tú do mhac amáireach má aithnigheann tú é in éinfeacht le aon cheann de chuilm. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Lá ar na bhárrach leig sé amach na cuilm agus chaith sé gráinne cruithneachtan aca. Thóg an feilméar an cheann ba chaithte a bhí ann. Ar an bpoinnte is dubhairt an feilméar na focla as a béal d'eirigh an mac suas ar an bhfear ba bhreaghtha a bhí ar an domhain. D'fág an feiliméar agus a mhac slán ag an ngabha agus bhíodar ag triall ar an mbaile. Bhíodar ag déanamh ar bhaile mór agus dubhairt an mac "Déanfaidh mise stail díom fhéin amáireach agus díolfaidh tú mé ar an aonach. Ní bheidh aon duine in ann mé a cheannach acht Gabha na gCleas. Cuimhneóchaidh tú an t-astar a fhágaint ar oscailt agus beidh mise romhat ar an gcéad cross-bhóthar(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Cadhain
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Athenry, Co. Galway
- Informant
- Bríghid Ní Conghailligh
- Gender
- Female
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway