Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feilméar in Éirinn fadó agus ní raibh aige acht aon mac amháin. Ní raibh sé sásta go gcurtaoí an mac seo le céird. Thug sé ar an aonach é agus sé an chéad fear a chas leis ná Gabha na gCleas. Shocruigh sé, leis an mac a thabhairt dhó go ceann lá is bliadhain acht bhain sé gealladh dhe é thabhairt ar ais. Nuair a bhí an lá is bliadhain thuas thug gabha na gcleas ag an fheilmeóiran mac agus bhí aon dhuine dhéag eile in éinfeacht leis. Chuadar ag déanaimh a gcuid cleis nuair a bhí an suipéar thart aca. Dubhairt an feilmeóir gurbh é a mhac fhéin an duine do b'fearr aca. D'iarr an gabha air é leigint leis go ceann lá is bliadhain eile agus go mbéadh sé níos fearr ná é fhéin. Leig sé leis é acht dubhairt sé leis é a thabhairt ar ais arís. Nuair a bhí an lá is bliadhain thuas ní raibh an mac ag tigheacht agus bhí an-imnidhe ar an bhfeilmeóir. D'imthigh sé ag tóraidheacht a mhic. Bhí an domhain ar fad siubhalta aige ag toraidheacht an ghaibh go dtí ar deire go dtáinig sé chómh fada leis an ríoghacht a raibh sé. Bhí sé ag cinnt air a theach a fhágail mar bhí sé faoí draoidheacht. Casadh spealadóir air agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Cadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Conghailligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe