School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Athenry, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a casfar ort. Thug sé leis é ar an aonach agus fuair an oiread airgid air agus nach raibh sé in-ann a iomcur. Nuair a bhí an t-airgead aige bhí an t-asdar ar osgailt. D'imthigh leis agus é ag cómhaire a chuid airgid. Casadh an mac leis ag an gcéad cross-bhóthair agus bhí sé an-rimhéadach faoí sin. Bhíodar ag imtheacht ar a mbealach go rabhadar ag déanaimh ar bhaile mór eile. Dubhairt an mac leis an athair a bheith ag tabhairt an airgid do gach duine a chasfaoí air idir bocht agus saibhir. Bhí siad ag tigheacht gann san airgead agus ní raibh acu acht a ndóthain le h-aghaidh na h-oidhche nuair a tháinig siad chómh fada leis an mbaile mór. "Beidh aonach ar an mbaile mór seo amáireach" arsan mac. "Déanfaidh mise cú dhíom féin agus ní bheidh aon duine in ann mé a cheannacht acht Gabha na gCleas, beidh mé chómh daor sin. Thug an feilméar ar an aonach an cú agus sé an chéad fhear a tháinig dá cheannacht ná gabha na gCleas. Bhí astar ar an gcú agus d'fhág an feilméar ar osgailt é. Fuair sé an oiread ór agus airgid ar an gcú is nach raibh sé in ann a iomchur. Bhí a mhac roimhe ag an gcéad cross-bothair eile. Dubhairt an mac dó a bheith ag caitheamh an airgead do gach duine agus é caitheamh ar an mbothar agus go ndéanfadh sé maith do dhuine ar bith. Bhí an t-airgead ar fad caithte acht a ndóthann le h-aghaidh an oidhche do bhí ag tigheacht. Dubhairt an mac go mbéadh aonach ar an gcéad baile mór eile agus go ndéanfadh sé féin éan dhe fhéin. "Díolfaidh tú mise"(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Cadhain
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Athenry, Co. Galway
- Informant
- Bríghid Ní Conghailligh
- Gender
- Female
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway