School: Baile Nua (B) (roll number 9607)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Peadar P. Mac Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua (B)
- XML Page 004
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a rith in a dhiaidh agus siúd leis ag cartadh na clocha ara dícheall agus nuair a bhí na clocha sgaipuighthe aige dheamhan tásc ná túairisg a bhí ar an giarrfiadh. Abhaile leis anois go brónach tuirseach Bhí sé go díreach in a shuidhe ag an bhuird ag dul ag iththe a béile nuair dféach sé amach tríd an bhfuinneóg agus céard a bheadh in a shuidhe ar a gogaide ag féachaint isteach air acht an giarrfiadh. Deirigh Páidín de léim le dul in a diaidh arís acht ni leigfeadh a bhean do bhí fhios aige gur sídheóg a bhí ann annsin.
- Bhí fear naomhta ann fadó agus bhíodh sé gcómhnuide ag guidhmhe Dé. Bhíodh a anam ag déanamh trioblóide dó i gcómhnuidhe agus diarfadh sé ar dheagh iompide ar Dhia gach oidhche ar dhul a chodhladhdo taisbeántas a thabhairt dhó ar a anam. Sil sé go raibh a anam sabháilte aige agus rinne sé gach rud maitheas is dféad sé a dhéanamh.
Oidhche amháin nuair bhí sé in a chodhladh shíl se go dtáinig neach in a seómra agus gur fhág sé páiste ar an leabaidh chuige. Nuair a dfeach sé ar an páiste shíl sé go raibh an pháiste faoi spotaí ar fad. La ar na mhárach chuaidh an fear naomhtha chuig an sagart agus dinnsigh sé dhó mar tharla agus dubhairt an(continues on next page)- Informant
- Micheál Sionnaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Moyne, Co. Galway