Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 004
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a rith in a dhiaidh agus siúd leis ag cartadh na clocha ara dícheall agus nuair a bhí na clocha sgaipuighthe aige dheamhan tásc ná túairisg a bhí ar an giarrfiadh. Abhaile leis anois go brónach tuirseach Bhí sé go díreach in a shuidhe ag an bhuird ag dul ag iththe a béile nuair dféach sé amach tríd an bhfuinneóg agus céard a bheadh in a shuidhe ar a gogaide ag féachaint isteach air acht an giarrfiadh. Deirigh Páidín de léim le dul in a diaidh arís acht ni leigfeadh a bhean do bhí fhios aige gur sídheóg a bhí ann annsin.
- Bhí fear naomhta ann fadó agus bhíodh sé gcómhnuide ag guidhmhe Dé. Bhíodh a anam ag déanamh trioblóide dó i gcómhnuidhe agus diarfadh sé ar dheagh iompide ar Dhia gach oidhche ar dhul a chodhladhdo taisbeántas a thabhairt dhó ar a anam. Sil sé go raibh a anam sabháilte aige agus rinne sé gach rud maitheas is dféad sé a dhéanamh.
Oidhche amháin nuair bhí sé in a chodhladh shíl se go dtáinig neach in a seómra agus gur fhág sé páiste ar an leabaidh chuige. Nuair a dfeach sé ar an páiste shíl sé go raibh an pháiste faoi spotaí ar fad. La ar na mhárach chuaidh an fear naomhtha chuig an sagart agus dinnsigh sé dhó mar tharla agus dubhairt an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Sionnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Maighin, Co. na Gaillimhe