Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- Newtown, Co. Galway
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 006
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ar an mbaile seo fadó agus cailleadh bó air. Dfeann sé an bhó agus chuir sé píosa de'n feóil sios i bpota da bhreith.
Ar a Ar ball nuair a thóg sé an clár de'n pota le féachaint ar an bhfeóil dheamhan feól a bhí ann. Bhí sé imighthe. Níor fhéach sé le aon cuid eile bhó a bhruith.
do Deir an sgéaluidhe guraib an fear ar eirigh e seo dó da innseacht do h-féin- Faisnéiseoir
- Bean Uí Conraoi
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Oakwood North, Co. Galway
- Ar an Abbart Deag i bpáraiste na Mainistreach bhí fear a raibh Sean O hÉiligh air agus ní raibh aige ach aon láirín beag amháin. Lá breagh chuaidh sé amach in a choinne. Agus tháinig fear as a chómhair agus rug sé uirthí. Chuaidh sé a marcuigheacht uirthí agus dimithig sé leis. Lean Sean O Eiligh é agus an fear ag rith ina shodar deas riomhe amach. Níor stop siad aríamh gur chuaidh an fear isteach ag bun Cruic Meadha. Chonnaic O hEiligh a rith isteach é. Isteach leis ina dhiaidh. Bhí an doras fosgailte dó. Bhí fear eile taobh istigh. "Seo é isteach Sean Ó hEiligh" ars an fear. "Tá sé a' teacht i gcoinne a láirín" ars fear aca. "A Sheaghain cé mbhearr leatsa an láirín ag dul abhaile leatsa ná cáirte óir," "Is cuma liom" ars Seán, "Rud ar bith a thiubhradh sibh dom tá mé sásta leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mairtín Mac Oireallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Abbey, Co. Galway