School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 159
- XML “Clampar nó Troid idir na Loingsigh agus na Flaitbheartaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Clampar nó troid idir na Loingsigh agus na Flaithbheartaigh
Tásean-bhóthar san mbaile Cluandháibh a dtugtar Bóithrín na Fola air. Tá dhá ainm eile ar an mbóthar seo - “Bóthar na Coille” agus “Bóthar na h-Ola”
Ins an am fadó, nuair a bhí muinntir Loingsigh in a gcomhnuidhe in gCaisleán Mháighcuilinn d’éirigh troid mhór idir iad fhéin agus muinntir Fhlaithbheartach agus mhairbh muinntir Fhlaitbheartaigh na Loingsigh ach an t-aon duine amháin – naoidhneán a bhí ‘san gcliabhán. Sé an chaoi d’eirigh leis seo éalodh, scuabh an bhanaltra a bhí ag tabhairt aire dó ar siubhal é treasna Loch Coirrib (nó Loch Oirbsean). Tamall gearr in a dhiadh sin phós sí, agus bhí clann aici. Thóg sí an Loingseach óg in éinfheacht le na clann féin, agus d’fhan an scéal mar sin ná gur fhásadar suas in a bhfearaibh.
Lá amháin chuaidh an Loingseach óg agus chlann an bhanaltra(continues on next page)- Collector
- Éamonn Ó Síothcháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir