School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 183
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rinneadar cairn ós a cionn. Tugtar "Cill Raithnígh" ar an ait sin ó shoin í leith.Leanadar Goll Mach Mórna annsin acht chúaidh sé amach in oilean sa bfharraige in einfheacht lé na mhnáoi. D'fanadar annsin gan áon bhíad. dubhairc na Fianna go gcaithfidís cloigeann goill a bheith acú acht go leigidís a bhean sáor. ní riabh áon mhaith ánn chailleadhar lé ceile iad amuig san oiléain ar a dtugtar "Oileain Guill". Tógadar isteach íad agus chuireadar lé céile íad in áit ar a dtugtar "Cíll Goill" nó "Cíll a Goill".Núair a bhíodar gá gcur cur Conán Máol a mhallacht orrtha acht cuir Fionn píanós crúadh air. Sé sin go gcaithfheadh sé an Fairrige a choinnéal amac lé bheith ag caiteadh elocha léith agus go mbainfídhe an cloigeann de mas rud é nach raibh sé indhon é a dhéanamh. Rinne "Conán" an gníomh sin agus tugtar "Tráigh Conán" ar an áit a raibh sé ag caitheamh clocha in aghaidh na fairrige.
- Collector
- Tadhg Ó Réagáin
- Gender
- Male
- Address
- Drimcong, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Bháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Garraun, Co. Galway