School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bliadhain d’aois. Bhíodh sí ar faire ar an sgeich seo lá agus oidhche agus ní leigfeadh sí rud ar bith in aice leí. Bhíodh sé ag faire ar an ngabhar agus ar an asal a ghabhadh an bealach mar rud ar bith a d’íosfadh an gabhar nó an t-asal ní fhásfadh sé go deo.Ar cuma ar bith bhíodh sí ag casadh an túirne faoi’n sgeich sin maidin Lae Bealtaine. Bhiodh teine aici ann freisin. An chéad duine d’feicfeadh an túirne nó an deatach is cuma fear, bean nó páiste a bhí ann bheadh sé nó sí curtha bliadhain ó’n lá sin.Bhí fear ina chómhnaidhe in aice na mná seo. Bhí an – fhaitchíos air eirghe go moch maidin lae Bealtaine ar faitchíos go bheicfeadh sé an bhean ag casadh an túirne. D’ fhanadh sé faoi’n bpluid go dtí dó- dhéag a chlog.Dubhairt sé le fear lá amháin “B’fearr liom ná an bhudóg is fearr dár thóg mé ariamh dá mbeadh an sgeach sin leagtha”. Dubhairt an fear eile leis “Tabhair deich sgilleacha domsa agus leagfaidh mise í bíodh an diabhal istigh ann”.
- Collector
- Maighréad Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Claídeach, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Claídeach, Co. Galway