School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 197
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leor galair ann ach má tá fhéin tá go leor leigheasanna ann le na n-aghaidh. Deirtear go bhfuil leigheas áirithe le h-aghaidh gach galair agus is fíor é.
An Craos Galar. Aon duine gur d'éag a athair sul ar rugadh é bheadh leigheas aige ar sin.
An Triuch. Aon leigheas a dhearfas fear le capall bhan. An duine do chur faoi bholg asail. Leac a mbeadh beithidhigh i na luíghe urithí an duine a leagadh amach ar sin.
Faineochaí. Má thagann tú ar uisge i bpoll cloiche is é sin leigheas.
A uisge cloiche gan iarraidh,
Ní ga t-iarraidh a tháinic mé,
Ach ó bhfuair mé thú gan iarraidh,
Déan leigheas ar mo chuid faineochaí.
Díon fola. Im gan salann measctha le píosa 'Sala Gaodhlach' agus úactar bróige, iad a dhóigheadh agus a bhriseadh súas.
Sleamhnán a bhéas ar do shúil. An sleamhnán a leigint le dealg spíonáin.
Mada nimhneach. An drídeire a bhéas ar inúin cúpla spúnóg de sin ar bhraon bainne,(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ó Réagáin
- Gender
- Male
- Address
- Drimcong, Co. Galway
- Informant
- Tómas Ó Bháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Garraun, Co. Galway