School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 120
- XML “Coirnéal Máirtín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bas Baile na hInnse (Conamara) an Coirnéal Mairtín. Mhair sé tuairim is ceud bladhain o shoin. D'imthigh a bhean uaid le fear eile thoir i Sasana. Ní raibh an Mairtíneach cinnte cé le 'nar ealuigh sí go ceann tamaill. Sa deire fuair sé amach é mar seo. Ghleás sé é féin suas mar ceannuighe agus bhiodh sé ag dul o theach go teach ag díol sioda agus rudai deanta as síoda. Thainic sé ar an mbeirt an fear agus a mhnaoi feín. Nior ghlac an fear le dubhshlán an Mairtínigh dul ag pionnsaidheacht nu troid le gunnai. I ngeall ar sin chuir an Mairtíneach an dlighe air agus bhain sé go leor airgid de.Thainic sé abhaile go hEirinn annsin. Cuir sí cruidhte óir ar a chapallaibh agus thug sé ordu da bhuacaill aimsire Tadg O Hairt dul ar thuras le na charbad agus a sheisreach capall agus a bheith ag sgaipeadh an airgid ar na daonaibh a gcasad leis ar an mbealach.
I ngGaillimh diarr Tadg a thuarasdal ar a mhaighistir
"Nár choinnigh tú aon chuid den airgead duit féin, a Thaidg?" ars an Coirnéal
"Nior choinnigh, muis, a Mhaighistir" arsa Tadg
"Tuighe" ars an Coirnéal
"Bhí tusa ro-uasal, nu ró-onórach é a choinneál," arsa Tadg. "Agus i mo belach féin tá mise chomh h-onórac leat, chuile ordlach." Ní cheapaim go mbeadh sé adhamail airgead mar sin a fuair tú ar pheacadh do mhná(continues on next page)