School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 173
- XML “Táilliúirí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl acht aon tailliur amháin sa bparróisde seo faoi lathair acht bionn beirt congantóirí aige anois agus airíst. Oibrigheann sé a inneall in a theach féin. Ní theigheann sé o theach go teach. Bíonn eadach aige le díol.Ní mar sin a bhí an sceul fadó. Ní raibh trí scór bladhain o shoin de thailiuraí sa bparróisde seo acht an t-aon duine amhaín. Ní raibh aon inneall aige - obair láimhe ar fad a bhiodh ar siubhal aige agus bhiodh sé ag dul ó bhaile go baile agus o theach go teach. D'fanfadh sé idteach go mbiodh obair an tighe sin ar fad criocnuighthe aige.Fear beag abhí sa tailliur seo. Thuit sé de chrann ubhall agus é 'na ogánach agus d'fhan an cruit as sin amach. Ní fhaca mise é ríamh acht gur chuala mé cainnt faoi. Bhí ceol ag a mhac in a dhiaidh agus ag mac a mhic, Sean O Doncaigh a rinne leathú ó 2RN (Staisiún Radio) ar an bhfidoíg mhóir go minic.