Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- Pollagh, Co. Galway
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 185
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear óg ann fadó 'na chomnaidhe amuigh ar na slíabhta, idir Uachtarárd agus an fhairrge. Maor a bhí ann. Ní dhearna sé aon obair aríámh on a shaoghal acht maoirseacht, agus ní dheachaidh sé in aon ait aríamh acht ar an slíabh i gcomhnuidhe.Nuair a bhí sé i n-aois bladhain is fiche dubhairt sé Domhnach go rachfadh sé chun an Aifreann. Chuaidh sé ann agus nuair a chuaidh sé isteach san seipéal bhain sé a chota mór de agus chaith sé ar ar gá na gréine a bhí ag soillsiu trid fuinneóig an tseipéil, mar shaoil sé gur matal adhmaid a bhí ann.Rinne an pobal ar fad iongantas de sin mar bhí a fhios aca san gur gá greíne a bhí ann. Rud eile ní raibh aithne aca ar an bhfear óg. Nuair a bhí an tAifreann thart d'imthigh an buacaill abhaile airíst agus thug sé an chota mór leis. Ar a bhealach abhaile thainic sé go teach ar leiceann an tsleibhe agus chualaidh sé gleo agus fothram istigh ann. Shiubhal sé comh fada leis an doras agus sheas sé annsin agus d'éist(leanann ar an chéad leathanach eile)