School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá roinnt bheag le feiceál fós de Chaislean Fuathaidh i gCampa, Uachtarárd. Bhí an caisleán seo ag Morog na dTuagh Ua Flaithbeartaigh fó thaoiseach. Deir na sean daoine go raibh fear a b'ainm dó O Cathain in a chomnaidhe ann roimhe. Le imreas a tharraint idir na Flaithbeartaigh thug an bhainrioghain Eilís tiodal do Mhorog "Ceann ar Mhuinntear Fhlaithbeartaig ar fad". Cé nach raibh i Moróg acht fo-thaoiseach glach sé leis an tiodal go fonnmhar agus tamall in a dhiaidh sin ghlac sé seilbh ar.Chaislean Acadh na nIubhar, príomh Caislean Gnomóire. Tá an caisleán seo tuairim's dha mhile go leith ar an taobh o dheas de Uachtarárd ar thaobh na Gaillimhe. Tá an Caisleán suidhte ar an abhainn Druimnín a ritheas isteach i Loch Coirib. Domhnall Crón Ua Flaithbeartaigh taoiseach Gnomóire a bhí sa gcaisleán seo acht bhí sé i bpaírt le cuid do na Burcaigh Mac Liaim Iochtar a bhí ag brath ar eirge amach i n-aghaidh na bainrioghna. Ní raibh morán chruthúnais go raibh Domhnall(continues on next page)