School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 132
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa bParaisde Cill Aithninn tá comhnaidhe orm féin. Ainmnigheadh an Parraisde seo ó Naomh Aithnínn a mhair annseo fadó. Níl aon eolas cruinn fuithi, nu ar an ám ar mhair sí, nu ar an áit in a bhfuil sí curtha. Tá tobar beannuighthe Aithnínn ar bhruach Loch Aithninn, nu Loc an Rosa mar a glaodtar ar an loch anois. Loch Lonaín a bhí ar an loch seo fadó. Tá an tobar (Tobar Aithnínn) agus cill bheag ar bruach an locha. Tá dhá cill eile san ait agus deirtear gur bí Naomh Aithninn a thóg iad. Ceann aca ar thalamh Eamuinn Ui Fhlaithbeartaigh i n-aice le Seipéal Cill Aithninn. Tá bulán i bhfosguracht cupla cead slat do - "Bulan na Naomh" a tugtar air. Tá an Cill eile ar thaoibh an Bhothair Aird i n-aice le Oifig an Phuist, i RoscathailSeo iad na bailte sa bParroisde:-(Níl aon chunntas agam faoi na h-aiteacha seo)A) Cill i gCoill
B) Gort a Charnáin
C) Cill Óla
D) Fatha - (Faithche bféidir)
E) Roscathail
F) An Ros
G) Gort na gCruach
H) Preabán (Preab bán is dóiche)
I) Baile Bhónain
L) Cill Aithnin - Naomh Aithnin
M) Eiscear - iomaire caol fada gainimheN) Polach - bograch - áit a bíos fliuc uisguil san Geimhread(continues on next page)