School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 350
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá talamh réasúnta maith i nGleann. Níl mórán crainn ag fás ins an áit anois mar tá siad go léir gearrtha. Bhí go leor crainnte ag fás ar na sléibhthe fadó freisin.Tá abha amháin i mo cheanntar. Abha Ana Mhuchloch a thugtar air. Tá Loch Coirib taobh liom. Tá go leor sgéalta i dtaobh na h-oileáin atá ar an loch. Sé Inis an Ghall an oileán is mó atá ar Loch Coirib.Tá abha eile agus sé t-ainm atá air ná abhainn na Rátha. Tá cnuic in aice leis an abhainn agus deirtear go raibh Dún ag an Danair ann fadó. Sin é an fáth gur baishteadh an t-ainm sin ar an abhainn.Tá crann mór in mo bhaile agus tugtar crann na dtaibhsí air. Deirtear go raibh mada le feiceáil annsin fadó agus slabhraí air. Tá abha beag ag rith i n-aice leis an gcrann agus deirtear nach bhfuil aon spiorad i n-ann dul thar abhainn. Deireann na sean-daoine gurb shin é an fáth go bhfuil na sigheógaí annsin.(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Mártín Seóighe
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gowlaun, Co. Galway